
Beo ó Bhaile na Scríne
Ceol agus craic le Dáithí Ó Muirí i gcuideachta Ghaeil na háite, beo as Baile na Scríne. Music and craic with Dáithí Ó Muirí in a live broadcast from Ballinascreen.
Ceol agus craic le Dáithí Ó Muirí i gcuideachta mhuintir na háite, ag craoladh beo as ionad Glór na Speiríní, Baile na Scríne. Cluinimid faoin obair dhíograiseach atá ar bun sa cheantar ag Glór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta, agus faoin phlean le tús a chur le grúpa Comhaltas Ceoltóirí Éireann go háitiúil. Labhraíonn Dáithí le Séamas Ó Brádaigh ó STEPS, eagraíocht dheonach atá ag obair go tréan le meabhairshláinte a fheabhsú i gceantar Bhaile na Croise. Tugann Muiris Ó Brolcháin léiriú dúinn ar shaibhreas na Gaeilge sa cheantar. Agus tá deis againn ceol uirlise a chluinstean ó dhaoine óga na háite, maraon le cúpla rann ó Patricia McBride agus Lára de Bruntun.
Music and craic as Dáithí ó Muirí meets the vibrant Irish-speaking community of Glór na Speiríní, Ballinascreen, Co. Derry. We hear about the work of Glór na Speiríní and Glór Mhachaire Fíolta, as well as new plans to found a local branch of Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Dáithí speaks to Séamas Ó Brádaigh from STEPS, a voluntary organisation working hard to improve mental health in the Draperstown area. Muiris Ó Brolcháin provides an insight into the rich Gaelic history of the Sperrins area. And we have an opportunity to hear the musical talent of local youth as well as a few bars from singers Patricia McBride and Laura Brunton.
An craoladh is déanaí
Craoltaí
- Máirt 12 Márta 2019 19:03BBC Radio Foyle
- Máirt 12 Márta 2019 19:30BBC Radio Ulster
- Céad 21 Lún 2019 19:00BBC Radio Ulster & BBC Radio Foyle